← Bhí trí chéad fear ag baint chloch i nGleann na Smól, gleann aoibhinn seilge na Féinne. 🔊✎
← Le neart agus le lúth a ghéag chuir sé seach bpéirse as a háit í. Bhris giorta an eich bháin le meáchan an urchair, agus sular mhothaigh an gaiscíoch bhí sé ina sheasamh ar a dhá bhonn ar thalamh na hÉireann. 🔊
← "Is mé Oisín i ndiaidh na Féinne," ar seisean. 🔊
← "Ná bíodh gruaim ort fá bheith dall, ach aithris dúinn cad é mar a mhair tú i ndiaidh na Féinne." 🔊✎
← Ansin shuigh Oisín i bhfianaise Phádraig agus na cléire gur inis sé a scéal ar Thír na nÓg agus ar Niamh Chinn Óir a mheall ón Fhiann é. Maidin cheo i ndiaidh Chath Ghabhra bhí fuílleach áir na Féinne ag seilg fá Loch Léin. 🔊
← "Ach, a Rí na Féinne, tháinig mé le grá do do mhac féin, Oisín meanmneach na dtréanlámh." 🔊
← "Thug mé grá éagmaise dó as an méid a chuala mé i dTír na nóg fána phearsa agus fána mhéin," arsa Niamh. 🔊✎
← "Fíorchaoin fáilte romhat chun na tíre seo, a ríon álainn óg," ar seisean. 🔊
← Rinne na Fiann an dís a chomóradh go béal na mara móire siar. 🔊
← B'iomaí lá aoibhinn a bhí ag Fionn agus Oisín i gceann na Féinne fá réim, ag imirt fichille is ag ól, ag éisteacht cheoil is ag bronnadh séad. 🔊✎
← Chonaic siad an ainnir ó gar each dhonn ag imeacht ar bharr na toinne, úll óir ina deaslámh agus an marcach ina dhiaidh ar each bhán le claíomh chinn óir. 🔊✎
← Tháinig siad i dtír ag dún Rí na mBeo, mar a raibh iníon an rí ina brá ag Fómhar Builleach. 🔊✎
← Chuir Oisín comhrac thrí oíche is thrí lá ar Fhómhar Builleach, gur bhain sé an ceann de agus gur lig saor iníon Rí na mBeo. 🔊✎
← Bhí bheirt mhac acu ar bhaist siad Fionn is Oscar orthu agus iníon álainn a dtug siad Plúr na mBan uirthi. 🔊✎
← Má chuireann tú cos ar thalamh na hÉireann ní thiocfaidh tú ar ais go brách." 🔊✎
← "Nuair a fuair mé Almhain folamh thug mé m'aghaidh go dubhach ar ghnáthbhailte na Féinne. 🔊